Nemeton: Sean fhocal Gaeilge a chiallaíonn áit diaga, draíochta

Bunaíodh Nemeton i 1993 leis an aidhm comhlacht a fhorbairt a bheadh ina mheitheal cruthaitheachta. Beagnach scór bliain dar gcionn, agus na mílte uaireanta a chloig craolacháin curtha dínn, ní hamháin gur baineadh amach an aidhm uaillmhianach sin, ach sáraíodh í.
Is ionann Nemeton agus obair chrua, cinnithe gnó misniúla, súil síorraí chun cinn agus thar aon rud eile, foireann dhíograiseach chruthaitheach. Lonnaithe i nGaeltacht fíor-álainn na Rinne, tá ceithre sheomra eagarthóireachta nua- chóirithe, cartlann chuimsitheach, oifigí léirithe, stiúdió teilifíse, áiseana traenála maraon le háiseanna craolta seachtaracha agus  veaineanna satailíte. Seo agat scéal Nemeton….