Smaointe, smaointe, smaointe… Tá foireann dhíograiseach ag Nemeton a bhíonn go síoraí ar thóir na scéalta ina bhfuil mianach láidir físiúil agus a mheallfaidh lucht féachana áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá páirtnéireachtaí againn le comhlachtaí léirithe in Albain, sa Bhreatain Bhig agus sna Stáit Aontaithe
Is fánach an áit a gheofá gliomach! Tá cuid dár scéalta tagtha as foinsí neamhchoitianta. Tháinig an scanstoc don gclár faisnéise, The Brothers, as bailiúchán príobháideach cineamatagrafaí a tháinig i bpairtnéireacht le Nemeton, le go gcraolfaí i gclár d’ard-chaighdeán teilifíse é.
Bíonn an fhoireann chruthaitheach go síoraí ag forbairt smaointe nua siamsaíochta in iomaí gné agus dá mba mhaith leat teagmháil a dhéanamh linn, seol ríomhphost chuig eolas@nemeton.ie