láiste na Rinne, Irish language, gaeilge" />
Cuireann Nemeton cúrsaí cumarsáide ar fáil i Léiriú Teilifise agus sna meáin Digiteach.
Creidimid gur fiú dúinn a chinntiú go bhfuil na cúrsaí agus an oiliúint tráthúil, spleodrach agus ag ullmhú micléinn don dtionscal.
Tá Ard Dioplóma, Leibhéal 8 a reachtáilimid creidiúnaithe ag WIT agus an cháil forleathan air mar an cúrsa is ‘gnó-dhírithe’ sa réimse.
Mar thoradh ar éileamh, beimid ag reachtáil cúrsa ceithre lá as Béarla, TV PRESENTING SKILLS COURSE (13-16 Mean Fómhar 2010) inár stiúideo sa Rinn. Díreofar ar láithriú ós comhair an cheamara, scriptscríobhnóireacht, úsáid gutha agus scileanna agallamhóireachta. Níl aon taithí teilifíse riachtanach. Cliceáil anseo d’fhoirm iarratais nó glaoidh ar 058 46499.
Bíonn baint againn chomh maith le tograí idirbhliana, tionscnaimh pobail, scéimeanna le scoileanna áitiúla agus comhoibriú le coláistí éagsúla.
Caith súil ar ár leathanaigh Bebo agus Facebook d’eolas breise.